10/10/13

10/10/2013 : Déanann an tAire Deenihan comhghairdeas le Colm Tóibín as gearrliosta an Man Booker a bhaint amach

Dé Máirt, 10 Meán Fómhair 2013: Rinne Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, comhghairdeas leis an scríbhneoir Éireannach Colm Tóibín a bhfuil a úrscéal The Testament of Mary ar cheann de shé leabhar a roghnaíodh do ghearrliosta Man Booker na mbliana seo.

Ainmníodh The Testament of Mary don fhadliosta de thrí leabhar déag i mí Iúil mar aon le saothair chomh-úrscéalaithe Éireannacha eile ar nós Colum McCann (TransAtlantic) agus údar ar a chéad iarracht Donal Ryan (The Spinning Heart).

Dúirt an tAire Deenihan: Tá an gearrliosta arís mar a bheadh teastas solabhartha ann ar láidreacht agus ar ardchaighdeán seasmhach scríbhneoireacht na hÉireann. Leanann ár scríbhneoirí orthu a bheith chun cinn ina réimse ar fud an domhain agus tá tóir uilíoch orthu. Go deimhin, agus an t-athrú atá ag teacht ar an saol, is buan é ardchaighdeán scríbhneoireachta na hÉireann. Guím gach rath orthu siúd atá ar an ngearrliosta leis an roghnú deireanach.”

Fógrófar buaiteoir an Man Booker Prize ar an 15 Deireadh Fómhair.

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service