11/02/13

11/02/2013 : Seolann Deenihan taispeántas chomóradh 80 bliana ar The Quiet Man

Osclóidh Jimmy Deenihan TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, taispeántas de na bundréachtaí le Maurice Walsh den scéal iocónach The Quiet Man go hoifigiúil sa Seanchaí, Músaem Scríbhneoirí Chiarraí, Lios Tuathail, Co. Chiarraí, anocht (Dé Luain, 11 Feabhra, 2013).

Cothrom an lae inniu 80 bliana ó shin a céadfhoilsíodh an gearrscéal The Quiet Man leis an údar Éireannach Maurice Walsh. Mar cheiliúradh ar an gcomóradh seo cuirfidh Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh taispeántas de na bundréachtaí den scéal iocónach i láthair sa Seanchaí, Músaem Scríbhneoirí Chiarraí, i Lios Tuathail. Mairfidh an taispeántas go dtí Lá Fhéile Pádraig.

Is cuid de Pháipéir Maurice Walsh na lámhscríbhinní atá ar taispeáint. Tá siad ar coimeád in Aonad na mBailiúchán Speisialta ag Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh.

Ag labhairt dó ag oscailt oifigiúil an taispeántais, dúirt an tAire Deenihan:

“Ba bhisiúil an scríbhneoir é Maurice Walsh. Mar sin féin, is mar gheall ar an ngearrscéal The Quiet Man, a foilsíodh cothrom an lae seo i 1933, is mó a bhfuil caint inniu air. Scéal comónta é scéal The Quiet Man a théann i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear.

“Bhí de phribhléid agam blianta beaga ó shin an chéad ‘Quiet Man Festival’ a sheoladh i gConga, Contae Mhaigh Eo, agus bhí oidhreacht iontach an scannáin le mothú fós i measc mhuintir an bhaile sin, beagnach 60 bliana i ndiaidh a dhéanta. Is mó cuairteoirí a mhaíonn gurb é The Quiet Man a thug orthu smaoineamh ar theacht go hÉirinn. Agus is é an lámhscríbhinn seo atá ar taispeáint againn anocht i Lios Tuathail a chuir tús leis seo ar fad.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh agus le Músaem Scríbhneoirí Chiarraí, An Seanchaí, as obair as lámha a chéile chun an taispeántas seo a eagrú. Tá súil agam go dtiocfaidh a oiread daoine agus is féidir ar cuairt chuige sna seachtainí amach romhainn.”

Rugadh Maurice Walsh i mBaile Uí Dhonnchú, atá suite idir Bhaile an Bhuinneánaigh agus Lios Tuathail i dTuaisceart Chiarraí. Tá teist ar an gceantar seo mar gheall ar na scríbhneoirí a rugadh ann, e.g. John B. Keane, Bryan MacMahon, Brendan Kennelly, Éamon Kelly, agus George Fitzmaurice. Tá ómós tugtha do na scríbhneoirí seo i Músaem Scríbhneoirí Chiarraí, An Seanchaí, i Lios Tuathail, agus is oiriúnach go bhfuil na lámhscríbhinní seo de The Quiet Man á gcur ar taispeáint ansiúd freisin.

CRÍOCH

Nóta eolais don Eagarthóir:

Bhunaigh an t-úrscéalaí agus an gearrscéalaí Maurice Walsh (1879–1964) an gearrscéal ar scéal Paddy Bawn Enright óna bhaile dúchais i gCiarraí, ach d’athraigh sé ainm an charachtair go dtí ‘Shawn Kelvin’ sa leagan foilsithe den scéal. Léirigh an taispeántas conas mar a d’fhorbair Maurice Walsh an scéal agus an tionchar a bhí ag rannóg eagarthóireachta an Saturday Evening Post air. Rinne an t-údar athbhreithniú ar an scéal athuair i 1935 nuair a chuir sé ina úrscéal Green Rushes é.

Foilsíodh The Quiet Man den chéad uair sna Stáit Aontaithe ar 11 Feabhra 1933 mar ghearrscéal sa Saturday Evening Post. Is anseo a léigh an stiúrthóir scannán Meiriceánach John Ford é den chéad uair. Ghlac sé na cearta scannáin go gairid ina dhiaidh sin ach níor eisíodh an scannán cáiliúil go dtí 1952. Tá cóip den iris seo mar aon le roinnt dréachtaí lámhscríofa agus clóscríofa den scéal i seilbh Ollscoil Luimnigh, a chuirfidh ar taispeáint don phobal iad i Lios Tuathail.

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service