11/06/13

11/06/2013 – Fógraíonn Mac Fhionnlaoich Seirbhís Lastais Troim do Thoraigh

11 Meitheamh 2013—Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil conradh lastais troim do Thoraigh aontaithe ag a Roinn le Comharchumann Thoraí Teo. don tréimhse 1 Bealtaine 2013 go dtí 31 Aibreán 2014.

Leanfar leis an leibhéal seirbhíse a bhí á chur ar fáil faoin seanchonradh, is é sin, 26 seoladh idir Toraigh agus an mhórthír i gCo. Dhún na nGall in aghaidh na bliana. Beidh na costais a íocfaidh an Roinn leis an gComharchumann as riaradh na seirbhíse ar aon dul leis an seanchonradh freisin.

Ag fógairt an chonartha seo dó, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé sásta go raibh conradh nua lastais troim aontaithe don bhliain amach romhainn. “Táim sásta go bhfuil mo Roinn in ann an fógra seo a dhéanamh inniu agus go raibh sí ábalta conradh a aontú a chinntíonn leis an leibhéal céanna seirbhíse is a bhí ann leis na blianta,” a dúirt an tAire Stáit.

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service