17/05/13

17/05/2013 : Mac Fhionnlaoich le bheith i láthair ag ceolchoirm de chuid Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann mar chuid de Chlár AE Nascann Cultúr

Dé hAoine, 17 Bealtaine, 2013—Rachaidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go dtí Vín amárach (Dé Sathairn, 18 Bealtaine) chun bheith i láthair ag ceolchoirm le Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann mar ionadaí do Rialtas na hÉireann. Beidh an cheolchoirm ar siúl sa Mhainistir Bheinidicteach mhór le rá atá suite os cionn bhaile Melk, agus atá ar cheann de na láithreacha mainistriúla is cáiliúla ar domhan.

Beidh an tAire i láthair ag lón a chuirfidh Ambasadóir na hÉireann ar fáil, i gcuideachta mhúinteoirí Gaeilge ón Roinn Teangeolaíochta in Ollscoil Vín. Tá maoiniú á fháil ag an Ollscoil le blianta beaga anuas chun tacú le clár teagaisc na Gaeilge. De réir taifead na hOllscoile, ghlac níos mó ná 90 mac léinn páirt i gcúrsaí éagsúla Gaeilge sa bhliain acadúil dheireanach seo.

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich gur chúis áthais dó a oiread seo éilimh a bheith ar an nGaeilge thar lear. “Tá mé ag tnúth go mór le casadh le Máire Ní Charra agus Theresa Illes san Ollscoil chun múineadh na Gaeilge thar lear a phlé. Cuirfidh mé suim sa chur síos a thabharfaidh siad dom ar a dtaithí féin.”

Mar chuid den Chlár Idirnáisiúnta Cultúrtha le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach — “Nascann Cultúr” — seinnfidh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, in éineacht le cláirseoir agus amhránaí traidisiúnta, ceolchoirm uathúil ag Féile Barócach Melk a bheidh ina léiriú ar an gceol mar a bhí in Éirinn san 18ú haois.

Cuimsíonn an clár an ceol ceolfhoirneach a bhí le clos i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh an uair sin, lena n-áirítear Handel, Dubourg, Pasquali, agus saothar an chláirseora Ghaelaigh úd, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin. Thairis sin, glacfaidh an cheolfhoireann páirt san olltaibhiú de mhórchoinséartónna Corelli ar an 20 Bealtaine, mar chomóradh 300 bliain ar bhás an chumadóra sin.

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service