17/10/13

17/10/2013 – €3,032 ceadaithe ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. chun trealamh oideachais agus spóirt a cheannach don Chrompán ar an gCeathrú Rua

17 Deireadh Fómhair 2013—D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu go  bhfuil deontas€3,032 ceadaithe aige do Chomharchumann Mhic Dara Teo chun cur ar a gcumas trealamh oideachais agus spóirt a cheannach don ionad nua ‘An Crompán’ ar an gCeathrú Rua.

 

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh sé tábhachtach go mbeadh áiseanna den chineál seo ar fáil sa Ghaeltacht le go mbeidh an Ghaeltacht níos tarraingtí mar áit cónaithe go háirithe d’óige an cheantair.

 

 

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service