23/10/13

23/10/2013 : Mórthaispeántas Ceoil Domhanda WOMEX i gCaerdydd – Ceol na hÉireann á chur chun cinn go hIdirnáisiúnta

Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair 2013 Tá ionadaíocht láidir ag Éirinn i mbliana ag WOMEX, an Mórthaispeántas Ceoil Domhanda, agus dhá bhanna ceoil, DJ agus dhá scannán ar taispeántas ann. Beidh toscaireacht de os cionn 30 ceoltóir, tionscnóir, gníomhaire agus léiritheoir féile as Éirinn ann freisin. Is tionscnamh de chuid chlár Chultúr Éireann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann atá i misean na bliana seo.

Beidh WOMEX ar siúl i gCaerdydd ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh an 23-27 Deireadh Fómhair 2013.

Beidh We Banjo 3 agus Kan i lár an aonaigh ar ardán Horizons ag WOMEX ag seinm do lucht éisteachta idirnáisiúnta den chuid is mó. Forbraíodh comhpháirtíocht Horizons, lena n-áirítear clár Chultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon, chun na deiseanna taispeántais agus gréasáin atá ann d’Éirinn, Sasana, Tuaisceart Éireann, Albain agus an Bhreatain Bheag a roinnt. Beidh ardán Horizons faoi leith ag gach ceann de na páirtithe, chomh maith le rannóg a roinnfidh siad ag an aonach trádála.

Dúirt Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta: “Táim an-sásta an oiread seo comhpháirtíochta agus comhoibrithe a fheiceáil idir ár dtíortha. Is deis é WOMEX d’ealaíontóirí agus gníomhairí Éireannacha áirithintí idirnáisiúnta a fháil agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú.”

Tá WOMEX anois ar cheann de na margaí gairmiúla idirnáisiúnta is tábhachtaí ó thaobh gach saghas ceoil domhanda de – ceol tíre, ceol an tsean nóis, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta. Cuimsíonn an imeacht bhliantúil, a mhaireann cúig lá, aonach trádála, féile taispeántais agus clár comhdhála. Déanfaidh os cionn 2,800 toscaire ó thionscal an cheoil ó gach cearn den domhan freastal air.

Taispeánfar scannáin Éireannacha i mbliana ag WOMEX freisin. Taispeánfar dhá scannán de chuid an scannánóra, Myles O’Reilly, faisnéise a bhfuil ardmholadh faighte aige – The Greatest Busk on Grafton Street agus Encounter at the Cello Biennale. Roghnaíodh freisin an DJ agus léiritheoir raidió DJ iZem atá lonnaithe in Éirinn, chun taispeántas a thabhairt ag Cruinniú Mullaigh DJ WOMEX.

Tugadh faoi thionscnamh nua i mbliana agus forbraíodh aip shaincheaptha Horizons chun go mbeidh toscairí agus an lucht féachana in ann teacht ar eolas gan aon stró ar na bannaí ceoil a bheidh ar taispeántas ar ardán Horizons. Is féidir an aip a íoslódáil do iOS ón siopa Apple agus do Android ó Google Play:http://www.horizonsatwomex.com/app

Nasc don Bhróisiúr: http://www.cultureireland.ie/downloads/WOMEX_2013.pdf

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service