26/03/13

26/03/2013 : Réimse foinsí tábhachtacha le cuardach in aon iarracht amháin ar thairseach mhéadaithe ghinealais – Deenihan

• Sonraí daonáirimh, taifead talún, cártlann mhíleata, uachtanna agus taifead Oileán an Choraintín (Nua Eabhrac) le cíoradh in aon chuardach amháin ar www.irishgenealogy.ie
• Eolas faoina sinsear á chur ar fáil don phobal – in Éirinn agus thar lear – níos tapúla, níos fusa, agus níos simplí ná riamh

Dé Máirt, 26 Márta – Seolfaidh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tairseach mhéadaithe ghréasáin inniu atá dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag lorg eolais faoina sinsear.

Cuireann an tairseach – www.irishgenealogy.ie – ar chumas na gcuairteoirí taifead ginealais a chuardach i roinnt foinsí ar líne. De bharr na tairsí forbartha seo, beidh sé níos tapúla, níos fusa, agus níos simplí anois ag an bpobal – in Éirinn agus thar lear – teacht ar eolas faoina sinsear.

Dúirt an tAire Deenihan:

“Tá suim ollmhór, go háirithe thar lear, sa taighde ginealais. Is díol suntais dom go minic an nasc láidir a bhraitheann daoine leis an tír seo, agus an suim a bhíonn acu i mbreis eolais a fháil faoina n-oidhreacht agus faoina ndúchas.

“Is iomaí áit ar líne ina bhfuil eolas faoi do shinsear le fáil. Seans go gcuireann sé seo an taighdeoir glas amú ar uairibh. Tá sé mar aidhm againn leis an tairseach mhéadaithe www.irishgenealogy.ie go mbeidh daoine in ann aon chuardach amháin a dhéanamh a chíorfaidh réimse taifead. Gheobhaidh tú nasc ansin a thabharfaidh díreach go dtí torthaí an chuardaigh thú.

“Ar an ábhar breise atá curtha leis an áis chuardaigh tá naisc go dtí taifead imirce Mheiriceá in Castle Garden (‘Castle Clinton’ anois) agus in Oileán an Choraintín. Tá a leithéid d’fhoinsí ríthábhachtach toisc gur iontu a breacadh na sonraí is túisce a sholáthair na himircigh ar thuirlingt dóibh san Oileán Úr, agus is iontach an chéim thosaigh í iad a chur ar fáil dóibh siúd atá ag déanamh taighde ar a sinsear.

“Is mithid an fhorbairt í seo i mbliain seo Thóstal Éireann, 2013. Tá sé riachtanach go gcuirfimid a oiread áiseanna agus is féidir ar fáil don saol mór, ionas go mbeidh teacht éasca acu ar thaifead a sinsir.”

Cíorfar réimse foinsí anois trí aon chuardach amháin a dhéanamh ar www.irishgenealogy.ie:

• Daonáireamh 1901 – Daonáireamh ar dhaonra na hÉireann in 1901 ar fáil do gach aon chontae sa tír.
• Daonáireamh 1911 – Daonáireamh ar dhaonra na hÉireann in 1911 ar fáil do gach aon chontae sa tír.
• Luacháil Griffith – an chéad luacháil lánscála maoine in Éirinn sa 19ú haois, foilsithe idir 1847 agus 1864.
• Taifead Cheaproinnt na nDeachúna – sonraí ar áititheoirí i ngabháltais thar 1 acra agus an méid a bhí orthu a íoc, arna chur le chéile idir 1823 agus 1837.
• Uachtanna Saighdiúirí – bailiúchán d’uachtanna na nÉireannach a fuair bás agus iad ar seirbhís in Arm na Breataine.
• An Chartlann Mhíleata – an acmhainn is mó fianaise ó dhaoine a bhí páirteach sa tréimhse réabhlóideach 1913–1923.
• Leabharlann Náisiúnta na hÉireann – tá a lán bailiúcháin chatalógaithe de chuid na Leabharlainne clúdaithe sa chuardach, an t-ábhar digitithe san áireamh.
• Taifead Oileán an Choraintín – rollaí paisinéirí agus taifid eile nach iad a bhaineann leis an imirce go dtí na Stáit Aontaithe trí Oileán an Choraintín, Nua Eabhrac.
• Taifead Castle Garden (Castle Clinton) – taifead ina bhfuil bunachar eolais ar 11 milliún inimirceach isteach sna Stáit Aontaithe idir na blianta 1820 agus 1892.
• Bunachar an Iompair ó Éirinn go dtí an Astráil – bunachar de chuid Chartlann Náisiúnta na hÉireann é seo a bhaineann le hiompar na ndaoránach agus daoine eile nach iad go dtí an Astráil.
• Mná na hÉireann sa 20ú haois 1922–1966 – bunachar de bheagnach 20,000 iontrálacha as réimse foinsí a bhaineann leis an rialtas láir.

Lean an tAire Deenihan air: “Níl sa seoladh seo inniu ach an chéad chéim, atá dírithe ar na taifid atá curtha ar fáil ag roinnt foras faoi choimirce mo Roinne – mar shampla an Chartlann Náisiúnta agus an Leabharlann Náisiúnta – agus, chomh maith leis sin, na taifid eaglasta a bhí le fáil ar an láithreán gréasáin cheana. Tá súil agam go mbeimid in ann eolas breise ó fhoinsí ginealais eile a chur ar fáil amach anseo.”

In aon chuardach amháin ar www.irishgenealogy.ie gheobhaidh tú amach an bhfuil eolas ábhartha ar bith le fáil sna foinsí ar líne a luaitear thuas.
CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service