28/06/13

28/06/2013 – Deontas €900 ceadaithe i leith cúrsa Gaeilge do scoláirí Choláiste na Sceilge, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí

D’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go raibh deontas €900 ceadaithe aige le cumasú do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh dianchúrsa Gaeilge a eagrú do scoláirí i gColáiste na Sceilge, Cathair Saidhbhín.  Beidh an cúrsa Gaeilge ar siúl i mBrú na Sceilge i mí Lúnasa.

Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air a bheith in ann cuidiú leis an gcúrsa seo a bheidh chun sochair na scoláirí a dhéanfaidh freastal air agus chun socair na Gaeilge i leithinis Uíbh Rathaigh araon.

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service