29/01/13

29/01/2013 : ‘Ócáid thábhachtach i stair na tíre’ ba ea daingniú agus diúltú an Bhille Rialtas Dúchais i mí Eanáir – Deenihan

Dé Máirt, 29 Eanáir – Dúirt Jimmy Deenihan TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, gurbh ócáid thábhachtach i stair na tíre é daingniú an Tríú Bille Rialtas Dúchais i dTeach na dTeachtaí i Londain i mí Eanáir 1913, agus a dhiúltú i dTeach na dTiarnaí níos déanaí an mhí chéanna.Dúirt an tAire Deenihan:

“Mar aon leis na comhaontuithe móra a socraíodh le blianta beaga anuas, ar nós Forógra Shráid Downing agus Comhaontú Aoine an Chéasta, ná déanaimis dearmad gur cor cinniúnach eile sa chaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a bhí sa Bhille Rialtas Dúchais freisin.”

I mí Eanáir 1913, ritheadh an Tríú Bille Rialtas Dúchais i dTeach na dTeachtaí ach diúltaíodh dó i dTeach na dTiarnaí. Ó bhí gearrtha siar faoin Acht Parlaiminte 1911 ar chumhacht Theach na dTiarnaí i leith reachtaíocht a chrosadh, níorbh aon bhlocáil go deo é seo ach moill ar dhul chun cinn na reachtaíochta. Nuair a diúltaíodh don Bhille Rialtas Dúchais ar an 30 Eanáir, 1913, mar sin, tháinig an Bille ar ais go dtí Teach na dTeachtaí le haghaidh an dara vótáil, i mí Iúil 1913.

Léirigh glacadh Theach na dTeachtaí leis an mBille ach diúltú Theach na dTiarnaí dó a chasta is a bhí an díospóireacht seo. Mar sin féin, ba léir go raibh athrú ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus an reachtaíocht rite ag na Teachtaí an chéad lá. Spreag na vótaí seo lear mór eachtraí a raibh tionchar nach beag acu ar imeachtaí na mblianta ina ndiaidh, imeachtaí a ndéanfar comóradh orthu idir 2012 agus 2022.

Dúirt an tAire Deenihan:

“Ritheadh an Tríú Bille Rialtas Dúchais mar thoradh ar an gcomhoibriú seanbhunaithe idir Pháirtí Parlaiminte na hÉireann agus Páirtí Liobrálach na Breataine. D’athraigh an comhoibriú seo an caidreamh idir Éire agus Sasana go deo. “Ba fhíorthábhachtach an vóta é. Ag féachaint siar dúinn ón lá atá inniu ann, b’fhéidir gur deacair dúinn a thuiscint an tionchar a bhí aige ar chúrsaí reatha na linne, ach ba fhíochmhar an díospóireacht agus an tuairisciú polaitiúil a bhí ar bun faoi na vótaí seo ag an am.
“Bhí Óglaigh Uladh bunaithe go hoifigiúil ag Comhairle Aontachtaithe Uladh go gairid roimh na vótaí seo. Forbairt shuntasach ab ea í seo i ngluaiseacht na n-aontachtaithe, is é sin, ó Aontachas ar son na hÉireann uile go dtí Aontachas ar son Chúige Uladh amháin, rud a bhrostaigh críochdheighilt na tíre.”

Tá ráite ag an Aire Deenihan go ndéanfar comóradh ar réimse imeachtaí comóraidh le linn 2013, frithdhúnadh mór Bhaile Átha Cliath agus bunú Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913 san áireamh:

“Amach sa bhliain 1913, tháinig méadú ar an gcorraíl shóisialta in Éirinn. Ba é frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath an chéad uair ag oibrithe na hÉireann a gcearta a chur in iúl, agus ba mhór an cur le chéile lena linn idir ceardchumannaithe sa Bhreatain agus a gcomrádaithe abhus: thiomsaigh ceardchumainn sa Bhreatain airgead agus bia do na stailceoirí i mBaile Átha Cliath.
“Thairis sin, ba chomhartha é bunú Óglaigh na hÉireann go déanach i 1913 go raibh an náisiúnachas radacach ag dul ó neart go neart in Éirinn.”

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service