29/06/12

29/06/2012 An tAire Stáit Mac Fhionnlaíoch chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Rialtas na hÉireann ag an Somme

Déanfaidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ionadaíocht thar ceann Rialtas na hÉireann ag cuimhneachán Thúr Uladh ag an Somme ar an Domhnach, 1 Iúil 2012. Reáchtálfar searmanas ar thailte an Túir chun comóradh a dhéanamh ar 96 bliain ó Chath an Somme.
Labhair an tAire Mac Fhionnlaoich ar an tábhacht a bhaineann leis na searmanais seo: “Tá mé an-bhródúil bheith i m’ionadaí thar ceann Rialtas na hÉireann ag na searmanais seo chun cuimhneamh ar na daoine ó áiteanna ar fud na hÉireann agus ó áiteanna eile a throid ag an Somme.
Maraíodh go leor daoine ag Cath an Somme, ní thig linn dearmad a dhéanamh go deo ar scála an scriosta a tharla ansin. Ar an gcéad lá den chath mór sin, cailleadh 5,500 fear ó Rannán 36 Uladh, chomh maith le suas le 15,000 dá gcomrádaithe, ar thaobh na gComhghuaillithe amháin. Tá muid ag tabhairt aitheantas dá n-áit bhródúil i stair na hÉireann.”
Déanfar comóradh freisin ar Chath an Somme ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 1 Iúil agus ag an gCuimhneachán Náisiúnta Cogaí, Droighead na hInse, Baile Átha Cliath, ar an Satharn, 7 Iúil.
Labhair an tAire Mac Fhionnlaoich ar chomh tábhachtach is atá cuimhneachán, ag rá, “Tá an Rialtas ag forbairt clár cuimsitheach ócáidí cuimhneacháin chun comóradh a dhéanamh ar an iliomad ócáid thábhachtach i stair na hÉireann agus an domhain idir 1912 agus 1922.  Tá súil agam go réiteoidh na cuimhneacháin seo an bóthar do mhaltairtí agus go bhfeabhsóidh sé ár dtuiscint ar na deich mbliana ba thábhachtaí sa stair chomhaimseartha.”
Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich gur cuireadh an tragóid ina luí air i gceart nuair a chonaic sé ainmneacha roinnt de na daoine a bhásaigh ag an Somme ar an 1 Iúil 1916. “Chonaic mé go leor fear as Dún na nGall ar an Rolla Onóra, agus tá roinnt mhaith acu curtha anseo. Tabharfaidh mé chun cuimhne Dé Domhnaigh achan duine den 1,100 fear as Dún na nGall a bhásaigh anseo le linn an Chogaidh Mhóir agus a muintir.”

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service