29/08/13

29/08/2013 : Os cionn €78,000 ceadaithe chun Oibreacha Caipitil a dhéanamh ar Oileáin i nDún na nGall

29 Lúnasa 2013: Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, inniu go bhfuil deontas de €78,191 ceadaithe aige chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar dhá oileán amach ó chósta Dhún na nGall.  Is do Chomhairle Chontae Dhún na nGall atá an deontas ceadaithe agus seasfaidh an Comhairle fuílleach costas na hoibre.

Is í an obair atá beartaithe a dhéanamh ná tarramhacadam a chuir ar pháirt de bhóthar Pinkie Hill ar Árainn Mhór agus draenáil agus dromchla a chur ar pháirt de bhóthar an dochtúra ar an oileán céanna; draenáil ag Port an Dún ar Thoraigh agus déileáil le linntreoga ag an mBaile Thoir, Port an Dún agus ag an mBaile Thiar ar an oileán céanna.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh sé sásta go raibh ar a chumas fógra mar seo a dhéanamh.  “Léiríonn fógra an lae inniu go bhfuil mo Roinnse tiomanta d’fheabhas a chur ar shaoráidí do phobail na n-oileáin nuair atá na hacmhainní ar fáil di” a dúirt an tAire Stáit.

Críoch/

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service