30/07/13

30/07/2013 – Ealaíontóirí Éireannacha, 16 scríbhneoirí Éireannacha agus Samuel Beckett

30 Iúil, 2013 Fáilteoidh Féilte Dhún Éideann, atá ar cheann de na hardáin ealaíon is mó ar domhan, roimh lear mór ealaíontóirí Éireannacha i mbliana. Cuirfidh siad drámaí, litríocht agus damhsa faoi bhráid roinnt de na 400,000 cuairteoirí a thagann chuig Dún Éideann gach mí Lúnasa. Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D.: “Tá áthas orm go bhfuil clár ealaíontóirí Éireannacha chomh láidir ag Féilte Dhún Éideann i mbliana. Beidh an deis acu a mbuanna iontacha a léiriú ar an ardán tábhachtach idirnáisiúnta seo. Tugann an tionscnamh seo deis d’Éirinn an gaol gar agus na naisc chultúrtha láidre atá againn le hAlbain a neartú.”
Tá Cultúr Éireann, rannóg de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag léiriú agus ag tacú le healaíontóirí Éireannacha ag Dún Éideann ó 2008. Dúirt an Stiúrthóir, Christine Sisk: “Tugann Féilte Dhún Éideann deis faoi leith d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur faoi bhráid ní hamháin lucht féachana nua, ach na céadta láithreoirí idirnáisiúnta ó gach cearn den domhan. Tugann an teagmháil leis na láithreoirí seo seans do na healaíontóirí deiseanna gairme a chruthú mar atá feicthe againn le blianta anuas.”
Tá Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann – a bhfuil an cháil uirthi mar fhéile a chuireann ealaíontóirí den chaighdeán is airde go hidirnáisiúnta i láthair ar bhonn leanúnach – ag ceiliúradh saothar Samuel Beckett i mbliana le séasúr speisialta teilifíse, raidió agus ficsin.  Déanfaidh dhá chompántas aitheanta Éireannach, a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach acu, ionadaíocht thar ceann na hÉireann: cuirfidh Amharclann an Gheata Eh Joe i láthair ina bhfuil Michael Gambon agus Penelope Wilton páirteach. Beidh Barry McGovern in I’ll Go on agus beidh Peter Egan in First Love. Cuirfidh Pan Pan Theatre léiriúchán ar siúl de All that Fall, a bhfuil ardmholadh faighte aige mar aon le léiriúchán nua de Embers agus léiriú léachta de Quad de chuid Beckett, córas gluaiseachta a bhfuil cóiréagrafaíocht déanta air le ceol.
Tá scríbhneoireacht nua láidir mar ghné de chlár an Traverse Theatre agus leithéid Quietly le Owen McCafferty á léiriú ag Amharclann na Mainistreach chomh maith le Have I no Mouth de chuid Brokentalkers, atá ar cheann de na compántais nua is fearr atá tagtha chun cinn in Éirinn le bliana beaga anuas.
Cuirfidh Landmark Productions These Halycon Days de chuid Deirdre Kinahan i láthair. Bhí an premiere sna Stáit Aontaithe i Nua-Eabhrac i mBealtaine na bliana seo. Glacfaidh Tom Vaughan-Lawlor páirt i Howie the Rookie le Mark O’Rowe, dráma a díoladh amach nuair a chuaigh sé ar camchuairt in Éirinn ar feadh dhá mhí.
Cuirfidh Dance Base atá lonnaithe i nDún Éideann saothar beirt ealaíontóirí spreagúla damhsa, Aoife McAtamney agus Maria Nilsson Waller, i láthair.  Tá a saothar ag cur go mór lena n-iomrá go hidirnáisiúnta.
Leanfaidh an gaol speisialta atá ag Éire le Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann i mbliana agus tá cuireadh tugtha do scata mór údar Éireannach a bhfuil duaiseanna buaite acu chun a gcuid saothar foilsithe is déanaí a léamh. Beidh John Banville, Eoin Colfer, Roddy Doyle, Edna O’Brien agus Colm Toibín ar chuid den sé dhuine dhéag a chuirfidh taispeántas i láthair i dtimpeallacht dhraíochtúil Charlotte Square.
Stiúrfaidh Cultúr Éireann, rannóg de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, toscaireacht ionadaithe a chuimsíonn lucht amharclainne, ealaíontóirí damhsa agus compántais a bhfuil saothar acu atá réidh le dul ar camchuairt chuig an bhFéile agus é mar aidhm acu leas a bhaint as an ardán a chuireann Dún Éideann ar fáil d’ealaíontóirí chun clú idirnáisiúnta agus níos mó deiseanna camchuairte eile a bhaint amach.

 

CRIOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service