18/05/18

Deontas €80,500 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh, Co. Dhún na nGall, chun oibreacha riachtanacha ar an suíomh a chur i gcrích

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, Dé hAoine 18 Bealtaine, go bhfuil deontas de €80,500 ceadaithe aige do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh chun cur ar a gcumas oibreacha riachtanacha a chur i gcrích.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCoiste an togra seo a chur i gcrích. “Is cuid lárnach de bhonneagar an cheantair ábhar an chúnaimh seo – rud a fhágann go bhfuil tábhacht faoi leith leis mar a bhaineann sé le leas an cheantair trí chéile.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

CRÍOCH

 

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service