01/12/14

01/12/2015 : Déanann an tAire Humphreys comhghairdeas le Gaillimh as an ainmniúchán mar Chathair Scannán UNESCO

Tá fáilte curtha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., roimh an gcinneadh buanstádas mar Chathair Scannán UNESCO a bhronnadh ar Ghaillimh.  Tá Gaillimh anois ar cheann de ghrúpa cathracha den chéad rogha ar fud an domhain a bhfuil an onóir seo bronnta orthu.

Ag labhairt faoin scéala, dúirt an tAire Humphreys:

"Is iontach an scéal é seo agus táim thar a bheith sásta do gach eagraíocht a raibh páirt acu san iarratas.  Go háirithe, ba mhaith liom Ionad Scannán na Gaillimhe a mholadh.  D'oibrigh siad go dlúth le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann, chun an t-iarratas a chomhordú.  Fuair siad tacaíocht freisin ó thart ar 50 eagraíocht i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe."

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

"Tá baint ag Gaillimh le fada an lá le scannánaíocht agus leis an earnáil chlosamhairc agus tá sé tráthúil agus is mór an chreidiúint é do na stiúrthóirí, na léiritheoirí, na scríbhneoirí agus na haisteoirí ar fad atá ag cur fúthu i nGaillimh  Sa nead chruthaitheach sin, tá saothar den scoth cruthaithe acu agus is mar thoradh air sin atá an onóir mhór seo á bronnadh ar a gcathair."

Tá Gaillimh anois i measc Sydney na hAstráile agus comhchathair na Gaillimhe, Bradford sa Ríocht Aontaithe, sa ghrúpa cathracha a bhfuil ainmniúchán acu mar Chathair Scannán. Is ionann an stádas do Ghaillimh is an sárchumas is airde go hidirnáisiúnta sna tionscail chruthaitheacha. Cuimsíonn an teideal Cathair Chruthaitheach na Scannán ballraíocht de chuid Ghréasán Chathracha Chruthaitheacha UNESCO.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service