02/04/15

02/04/2015 : Cistiú á fhógairt ag an Aire Stáit Ó Ríordáin chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

Tá cistiú os cionn €400,000 fógartha inniu (2 Aibreán, 2015) ag Aodhán Ó Ríordáin T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chun tacú le healaíontóirí Éireannacha agus iad ag cur a gcuid saothar ar taispeáint ar fud an domhain trí chlár Cultúr Éireann na Roinne.

Ag fógairt an chistithe dó, dúirt an tAire Ó Ríordáin go bhfuil sé tiomanta d'aird a tharraingt ar Éirinn mar lárionad cruthaitheachta agus nuálaíochta agus cur leis an rath atá ar ealaíontóirí na hÉireann go hidirnáisiúnta. Léiríodh le gairid an tionchar a bhíonn ag ealaíontóirí Éireannacha ar an domhan le clár idirnáisiúnta Lá Fhéile Pádraig, a lenar éascaíodh níos mó ná 50 imeacht ar fud na cruinne agus ar éirigh go han-mhaith leis.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ag fáil tacaíochta sa bhabhta reatha cistiúcháin tá cur i láthair scannáin Éireannacha i mórfhéilte idirnáisiúnta, lena n-áirítear i Londain agus i Liospóin. Le linn an tsamhraidh seo chugainn, beidh ceoltóirí na hÉireann le cloisteáil ag níos mó ná 250,000 duine ag féilte móra i Meiriceá Thuaidh, ina measc an Milwaukee Irish Fest agus an Dublin Irish Festival in Ohio agus beidh lucht éisteachta nua á fhorbairt acu sa tSiombáib, sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas.  Rachaidh Camerata Ireland ar camchuairt i Meiriceá Thuaidh agus cuirfidh siad 12 cheolchoirm i láthair sa tSín, agus beidh The Irish Baroque Orchestra ag seinm Messiah le Handel san Eilvéis. Beidh an First Irish Festival i Nua Eabhrac ag óstáil léiriúcháin amharclannaíochta Éireannacha ar nós léiriúchán Fishamble Theatre Company, Little Thing, Big Thing leDonal O’Kelly, agus léiriúchán Guna Nua, Pondling le Genevieve Hulm, a bhuaigh duais Fringe First i nDún Éideann in 2014.  Beidh damhsa Éireannach nua-aimseartha á chur ar taispeáint san Iodáil le taibhithe ó Aoife McAtamney sa Róimh agus damhsa aeir le Fidget Feet i bhFlórans le linn an tsamhraidh. Beidh fócas ar Lá Bloom mar chuid den chlár de scríbhneoirí agus filí Éireannacha a bheidh ag glacadh páirte i bhféilte agus ionaid mhóra i SAM, san Eoraip agus san Áis.

Dúirt an tAire Stáit Ó Ríordáin: "ní féidir áibhéil a dhéanamh den tionchar atá ag ár n-ealaíontóirí thar lear.  Aithnítear Éire ar fud an domhain mar thír le héagsúlacht mhór cultúir agus barr feabhais.  Níl sárú ár dtallann le fáil agus cabhraíonn sé linn gnó agus turasóirí a mhealladh go hÉirinn."

Le haghaidh liosta iomlán na dtionscadal a maoinítear féach:

http://www.cultureireland.ie/applications/index.php?r=reports/outcomeGrants

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service