03/12/13

03/12/2013 : €3,938 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., do Naíonra Dhoirí Beaga

Dé Máirt, 3 Nollaig 2013—D’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas €3,938 ceadaithe aige do Choiste Tacaíochta Naíonra Dhoirí Beaga chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é an deontas seo don obair atá ar bun ag Naíonra Dhoirí Beaga i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar,”  a dúirt an tAire Stáit. Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh pleananna agus gníomhaíochtaí an naíonra seo i gcroílár an phlean teanga a bheidh le cur i bhfeidhm i gceantar Ghaoth Dobhair faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service