04/08/14

04/08/2014 : An tAire Humphreys chun páirt a ghlacadh in imeachtaí i nGlaschú & i mBéal Feirste i gcuimhne ar thús an Chéad Chogadh Domhanda

4 Lúnasa 2014—Beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., i nGlaschú agus i mBéal Feirste inniu chun freastal ar roinnt imeachtaí chun comóradh a dhéanamh ar thús an Chéad Chogadh Domhanda.

Glacfaidh an tAire Humphreys, a bhfuil freagracht uirthi Clár Comórtha Dheich mBliana na gCuimhneachán , páirt in imeachtaí cuimhneacháin i nGlaschú i dteannta Phríomh-Aire na Breataine, David Cameron, agus ionadaithe an Chomhlathais.  Tar éis na n-imeachtaí i nGlaschú, rachaidh an tAire Humphreys go Béal Feirste i gcomhair roinnt searmanais chuimhneacháin, lena n-áirítear Seirbhís Chuimhneacháin Shollúnta a thionólfar in Ardeaglais Naomh Anna.  Léifidh an tAire Humphreys sliocht ag an tseirbhís, agus leagfaidh sí bláthfhleasc níos déanaí ag Halla na Cathrach i gcuimhne ar na saighdiúirí Éireannacha ar fad a chaill a mbeatha sa Chéad Chogadh Domhanda.

Ag labhairt di roimh na hócáidí, dúirt an tAire Humphreys

"Agus an caidreamh idir muintir na n-oileán seo ag teacht chun cinn i gcónaí, tá sé ceart go bhfuilimid ag teacht le chéile chun na daoine sin, ar fud an dá oileán, a thug a mbeatha sa Chogadh Mór a thabhairt chun cuimhne.   Cibé cúlra a bhí acu, ba ionann an íobairt a rinne gach uile shaighdiúir acu.  Níor aithin na buamaí ná na hurchair an difríocht idir an Sasanach agus an tÉireannach, an Caitliceach nó an Protastúnach, an Náisiúnaí nó an tAontachtaí, agus thit na sluaite ollmhór acu taobh le taobh.  Bhí nasc comónta idir a dteaghlaigh agus a muintir mar gheall ar an gcaillteanas uafásach a d'fhulaing siad Tá sé tráthúil, céad bliain ina dhiaidh sin, go bhfuil daoine den iliomad tuairim pholaitiúil ag teacht le chéile le dínit agus le meas i gcuimhne ar na fir mhisniúla sin.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service