05/05/2015 : Maoiniú do 28 foirgneamh oidhreachta faoin gCiste um Struchtúir i mBaol 2015 - an tAire Humphreys
Dé Máirt, 5 Bealtaine 2015—Tá fógra déanta inniu ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., go bhfuil 28 struchtúr oidhreachta ar fud na tíre chun tairbhe a bhaint as maoiniú ar fiú €624,000 é faoin gCiste um Struchtúir i mBaol 2015.
Mar thoradh ar an maoiniú seo, beifear ábalta obair chaomhantais a dhéanamh ar 28 struchtúr oidhreachta atá faoi úinéireacht phríobháideach agus shibhialta a mheastar a bheith i mbaol mór dul i léig agus atá cosanta faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú.
Ag labhairt di i gCill Chainnigh tráthnóna inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Tá sé thar a bheith tábhachtach ár n-oidhreacht thógtha a chosaint. Cuireann an Ciste um Struchtúir i mBaol, atá á riar ag mo Roinnse, infheistíocht spriocdhírithe ar fáil do na gnéithe is leochailí dár n-oidhreacht thógtha. Cuideoidh an maoiniú seo le marthanacht roinnt de na foirgnimh is suntasaí in Éirinn ó thaobh ailtireacht, cultúr, seandálaíocht agus stair de.
“Ó 2011, tá beagnach 130 struchtúr maoinithe faoin scéim seo. I mbliana, tacaóidh an ciste le réimse leathan cineálacha foirgneamh, idir thithe ceann tuí, teach scoile agus iar-theach almsan.
"Tá ár seanfhoirgnimh áille ar cheann de na príomhchúiseanna a thagann daoine ar cuairt chun na tíre seo. Trí thacú le dea-chleachtas i gcaomhnú ár struchtúir faoi chosaint, táimid ag cur le mealltacht na tíre seo mar cheann scríbe do thurasóirí.
"Cuireann obair chaomhantais ar seanfhoirgnimh le fostaíocht áitiúil chomh maith, agus creidim go bhfuil caomhnú ár struchtúir oidhreachta thar a bheith tábhachtach don bhród atá againn as ár n-áit féin. Tá a fhios agam go ndéanfaidh an maoiniú atá á chur ar fáil inniu difríocht mhór don 28 tionscadal a bhfuil baint acu leis."
CRÍOCH
Nóta do na hEagarthóirí:
Tá liosta iomlán thíos de na tionscadail atá á maoiniú.
Deontais faoin gCiste um Struchtúir i mBaol 2015
|
Údarás Áitiúil |
Struchtúr |
An Deontas a Bronnadh |
|
Ceatharlach |
Eaglais Chuimhneacháin Adelaide, Míseal |
€40,000 |
|
An Clár |
Teach Adelphi, Tír Mhic Bhrain, Cora Finne |
€30,000 |
|
Cathair Chorcaí |
Teach Almsan Skiddy, An Seandún, Cathair Chorcaí |
€30,000 |
|
Cathair Chorcaí |
5 Plás Grenville, Cathair Chorcaí |
€25,000 |
|
Contae Chorcaí |
Eaglais Choláisteach Mhuire, Plás Emmet, Eochaill |
€20,000 |
|
Contae Chorcaí |
Teach Bheanntraí, Beanntraí |
€15,000 |
|
Dún na nGall |
Sean-Eaglais Chill Ó mBaird, Haugh, Baile Dhún na nGall |
€25,000 |
|
Cathair Bhaile Átha Cliath |
130 Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath 8 |
€40,000 |
|
Fine Gall |
Teach Sheanchoill na Sceiche, Coill na Sceiche, An Ros, Co. BÁC |
€30,000 |
|
Cathair na Gaillimhe |
Teach Tábhairne Cooke, 2 Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh |
€15,000 |
|
Contae na Gaillimhe |
Leabharlann an Ghoirt, Sráid na Banríona, An Gort |
€15,000 |
|
Ciarraí |
Teach Belleville, Lateeve, An Caladh |
€25,000 |
|
Cill Dara |
Reilig na mBan Rialta, Na Solláin |
€19,000 |
|
Cill Chainnigh |
Teach Pléisiúir/Teach Tae, Cé Bateman, Cill Chainnigh |
€15,000 |
|
Laois |
Dún Naoise, An Chearnóg, Darú, Co. Laoise |
€20,000 |
|
Laois |
Fisherman's Thatched Inn,Gráig an Eiscire, Baile Briotáis |
€15,000 |
|
Cathair agus Contae Luimnigh |
Teach Ceann Tuí, Baile Uí Dhúrtaigh, Caisleán Maí Tamhnach |
€15,000 |
|
Cathair agus Contae Luimnigh |
Coláiste Mhungairit, An Drom Dearg |
€20,000 |
|
Maigh Eo |
Teach an Droichid, An Meal Thuaidh, Cathair na Mart |
€25,000 |
|
An Mhí |
Eaglais an Achair, Ráth Moliain |
€15,000 |
|
Údarás Áitiúil |
Struchtúr |
An Deontas a Bronnadh |
|
Muineachán |
Teach Geata Chaisleán Hope, Diméin Chaisleán Hope, Baile na Lorgan |
€40,000 |
|
Uíbh Fhailí |
Teach Bhaile an Bhúiséaraigh, Baile an Bhúiséaraigh |
€15,000 |
|
Uíbh Fhailí |
Stáblaí Charleville, Charleville, Tulach Mhór |
€30,000 |
|
Sligeach |
An Seanscoil, Christchurch, Béal Trá, Sligeach |
€15,000 |
|
Tiobraid Árann |
Mountain Lodge, An Chúirt Dóite, An Chathair |
€15,000 |
|
Tiobraid Árann |
Eaglais Mhaigh Dheisil, Maigh Dheisil, Muileann na hUamhan |
€15,000 |
|
Cathair agus Contae Phort Láirge |
Teach Ceann Tuí, Cill Chonáin (Hely), An Cheapach |
€15,000 |
|
Loch Garman |
Baile Shamsóin, Cill Fhionnóg |
€25,000 |