08/05/2015: SOCRUITHE MAIDIR LE MAOINIÚ DO NA hOILEÁIN NEAMH-GHAELTACHTA
Tá ciste de os cionn €300,000 fógartha inniu (8 Bealtaine 2015) ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do na hoileáin neamh-Ghaeltachta don tréimhse ó lár Bealtaine go deireadh na bliana 2015. Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tar éis teacht ar chomhaontú le Comhar na nOileán Teo. a bheidh ag riar an chiste ar chostas iomlán de €34,160 in 2015. Bhí an maoiniú á chur ar fáil roimhe seo do na hoileáin neamh-Ghaeltachta ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Ag fógairt an chiste dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta go raibh ar chumas a Roinne teacht ar chomhaontú leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir leis an gcur chuige don mhaoiniú agus go bhfuil na hacmhainní anois ar fáil idir an dá Roinn chun a chinntiú nach mbeidh aon laghdú ar leibhéil an mhaoinithe do na heagraíochtaí i gcomparáid le 2014.
Dúirt an tAire Stáit McHugh: “Léiríonn an fógra seo tiomantas mo Roinne do na hoileáin agus táim sásta go bhfuil na hacmhainní ar fáil lena chinntiú go leanfar ag maoiniú na n-eagraíochtaí seo ar na hoileáin neamh-Ghaeltachta. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Alan Kelly agus leis an Aire Stáit Ann Phelan sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil as ucht a gcomhoibriú chun teacht ar an réiteach seo.”
Tá an briseadh síos ar an maoiniú sonraithe sa tábla thíos:
|
EAGRAÍOCHT |
DÁILTE IN 2014 |
DÁILTE 1 EANÁIR – 12 BEALTAINE 2015 |
LE DÁILEADH 13 BEALTAINE – 31 NOLLAIG 2015 |
IOMLÁN DO 2015 |
| Inis Toirc, Co. Mhaigh Eo |
€84,653.16 |
€30,930.55 |
€53,719.45 |
€84,650 |
| Cliara, Co. Mhaigh Eo |
€90,706.49 |
€33,142.75 |
€57,557.25 |
€90,700 |
| Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe |
€101,548.71 |
€37,104.33 |
€64,395.67 |
€101,500 |
| An tOileán Mór, Co. Chorcaí |
€134,906.64 |
€49,292.81 |
€85,707.19 |
€135,000 |
| Inis Arcáin, Co. Chorcaí |
€50,000.00 |
€18,269.23 |
€31,730.77 |
€50,000 |
|
IOMLÁN |
€461,815.00 |
€168,739.67 |
€293,110.33 |
€461,850 |
CRÍOCH