08/10/12

08/10/2012 Ceadaíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas os cionn €54,000 chun athchóiriú a dhéanamh ar Aeradróm Inis Oírr i nGaillimh

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, inniu (8ú Deireadh Fómhair, 2012) go bhfuil deontas de €54,479.25 ceadaithe aige chun athchóiriú a dhéanamh ar aeradróm Inis Oírr, Co na Gaillimhe.  Is oibreacha i ndáil le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta is mó atá i gceist.

Ag déanamh an fhógra seo, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar chumas a Roinne an deontas seo a cheadú.  “Táim sásta go raibh na hacmhainní ag mo Roinn an cúnamh seo a chur ar fáil i leith an aeradróim seo.  Caithfear, i gcónaí, ceist sláinte agus sábháilteachta bheith chun cinn i gcúrsaí seirbhísí aeir,” a dúirt an tAire Stáit.

 

 

Críoch 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service