09/04/2015 Lucht múchta dóiteán Chiarraí á moladh ag an Aire Mhic Unfraidh as Páirc Náisiúnta Chill Airne a chosaint
Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, an lucht múchta dóiteán i gContae Chiarraí a mholadh as an obair a rinne siad ar feadh na hoíche chun falscaí a choinneáil ar shiúl ó Pháirc Náisiúnta Chill Airne.
Bhí an tine i gceantar de níos mó ná 100 acra ag bun na Mangartan agus tá sí anois múchta. Níl sé cinnte go fóill cad a ba chúis leis an tine.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Tugann níos mó ná aon mhilliún duine cuairt ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne gach bliain agus is mór an acmhainn againn í. San iomlán, cuimsíonn an pháirc níos mó ná 26,000 acra de choillte, locha agus aibhneacha, portach agus fraochmhá, chomh maith le fearann páirce agus gairdíní tírdhreachtaithe. Da mbainfeadh an falscaí an pháirc amach, d'fhéadfadh sí damáiste millteanach a dhéanamh. Ba mhaith liom na comhraiceoirí dóiteáin a mholadh a tháinig as gach cearn den chontae leis an tine a throid thar oíche. Chinntigh a gcrógacht gur coinníodh an tine ar shiúl ó Pháirc Náisiúnta Chill Airne agus chuidigh sé ceann dár seoda náisiúnta a chaomhnú."
Tá sé mídhleathach aon fhásrá a dhó idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa gach bliain de bhun an Achta um Fhiadhúlra, 1976, arna leasú, mar gurb é an séasúr neadaithe é.
CRÍOCH