09/10/12

9/10/2012 €2,284 ceadaithe ag Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., do Spórtlann Naomh Anna Teo

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu go  bhfuil deontas €2,284 ceadaithe aige do Spórtlann Naomh Anna Teo, Contae na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach don Spórtlann agus línte a mharcáil ar urlár an halla don chúirt chispheile.

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh sé tábhachtach go mbeadh áiseanna den chineál seo ar fáil sa Ghaeltacht le go mbeidh an Ghaeltacht níos tarraingtí mar áit chónaithe, go háirithe d’óige an cheantair.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service