10/04/2015 : An tIúr á fhógairt ag an Aire Mhic Unfraidh mar shuíomh Chuimhneachán an Ghorta Mhóir 2015
An chéad uair a bheidh an Cuimhneachán á reáchtáil i dTuaisceart Éireann
Dé hAoine, an 10 Aibreán 2015—D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu go mbeidh Cuimhneachán an Ghorta Mhóir 2015 ar siúl Dé Sathairn, an 26 Meán Fómhair san Iúr, i gContae an Dúin.
Mar aitheantas gur bhain an Gorta Mór le gach cuid den oileán, bogadh suíomh an Chuimhneacháin bhliantúil ó chúige go cúige ó bhí an chéad Cuimhneachán ann i mBaile Átha Cliath in 2008 agus is i gCúige Uladh a bheidh sé in 2015.
Chuir an tAire agus Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir fáilte roimh iarratas láidir an Iúir, an tsuim a léirigh pobal áitiúil an Iúir sa tionscadal agus a dtiomantas don ócáid a chomóradh ar bhealach cuí, ómósach agus uileghabhálach.
Tacaíonn Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann le reáchtáil na hócáide san Iúr in 2015 agus an deis a chuireann an tionscnamh tras-teorann seo ar fáil chun aird a tharraingt ar an tionchar a bhí ag an nGorta ar gach traidisiún agus pobal ar fud na hÉireann. Beidh ról ceannasach ag Comhairle Ceantair nua-bhunaithe an Iúir, Mhúrna agus an Dúin i ndáil leis an Cuimhneachán a eagrú. Oibreoidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta leis an gComhairle agus le páirtithe leasmhara eile chun an líon is mó daoine a chur ar an eolas faoin gCuimhneachán agus na gníomhaíochtaí a bhainfidh leis.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Tá mé an-sásta a fhógairt, tar éis dul i ndáil chomhairle le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, go mbeidh Cuimhneachán an Ghorta Mhóir á reáchtáil san Iúr i mbliana. Is é seo an t-ochtú bliain a bheidh an Gorta Mór á chomóradh le Cuimhneachán foirmeálta agus is é an chéad uair a bheidh sé ar siúl i dTuaisceart Éireann.
"Is comhartha ómóis sollúnta é Cuimhneachán bliantúil an Ghorta Mhóir dóibh siúd a d'fhulaing sna cúinsí milteannacha a bhí ann le linn an Ghorta. Cé gur buaileadh áiteanna áirithe in Éirinn níos mó ná áiteanna eile, cailleadh cuid mhór daoine i ngach cuid den oileán agus scriosadh teaghlaigh agus pobail leis an imirce.
"Leis an gCuimhneachán seo, tugann muid iad siúd go léir a d'fhulaing chun cuimhne, na daoine go léir a fuair bás, iad sin a mhair ach a chaill gaolta, iad sin arbh éigean dóibh dul ar imirce agus iad siúd a d'fhan in Éirinn ach a d'fhulaing cineálacha eile caillteanais mar gheall ar an nGorta Mór.
"D'fhreastail mé ar an gCuimhneachán in 2011 nuair a bhí sé ar siúl i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin - an t-am deireanach a bhí sé ar siúl i gCúige Uladh. Ba thochtach an rud é an pobal uile a fheiceáil ag glacadh páirte san ócáid, go háirithe na páistí. Táim ag tnúth le bheith i dteagmháil leis an bpobal áitiúil san Iúr, agus iad ag imirt tionchar ar chomóradh ceann de na himeachtaí is tábhachtaí inár stair chomhroinnte lena ndearcadh uathúil, agus, mar Ultach, táim ag tnúth le páirt a ghlacadh san ócáid san Iúr i mí Mheán Fómhair."
CRÍOCH