11/05/14

11/05/2014 Déanann an Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh T.D., i dteannta Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, cúram oifigiúil ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBéal na mBuillí

Inniu (Dé Domhnaigh, 11ú Bealtaine, 2014), rinne an Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh T.D., i dteannta Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, cúram oifigiúil ag ócáid Chuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBéal na mBuillí.

Ag labhairt ag ócáid an lae inniu, dúirt an Taoiseach:

"Agus muid ag cuimhneamh ar an stair, ná déanaimis dearmad ar an lá atá inniu ann.  Mar gheall ar stair ghorta s'againn féin, tá bá ar leith ag muintir na hÉireann leo siúd atá ag fulaingt leis an ocras ar fud an domhain inniu.  Mar Thaoiseach, in ómós dóibh siúd a d'éag le linn an Ghorta, táim an-bhródúil a bheith in ann a rá go bhfuil dul i  ngleic le hocras agus le tearc-chothú ar fud an domhain lárnach do pholasaí eachtrach na hÉireann agus dár gclár cúnamh forbartha thar lear - Cúnamh Éireann.  Ar leibhéal domhanda, fágann gníomhartha láidre tacaíochta, idirghabhálacha ardphróifíl, agus príomhréimsí tacaíochta do thionscnaimh dhomhanda go bhfuil Éire ina ceann feadhna ó thaobh dhul i ngleic le hocras.  Sa lá atá inniu ann, ar fud an domhain, tá cáil ar Éirinn agus ar Éireannaigh as cabhair, caidreamh agus trócaire."

Le linn bhlianta géarchéime an Ghorta Mhóir, meastar gur cailleadh os cionn milliún Éireannach de bharr ocras nó galair a bhain leis an ocras. Sna deich mbliana tar éis 1846, thosaigh an mhór-imirce agus theith siad siúd ba mhó a bhí ag fulaingt - os cionn 1.8 milliún Éireannach - agus ba le linn bhlianta an Ghorta, 1846-50, a d'imigh os cionn leath acu sin.

Buaileadh Ros Comáin go dona le linn na tréimhse sin. Sa tréimhse ghearr idir 1841 agus 1851 d'imigh os cionn 32% den daonra - idir bhás agus imirce. I mBéal na mBuillí thit daonra eastát Mhathúna beagnach 60%.

Dúirt an tAire Deenihan:

Ba mhór an onóir dom cuairt a thabhairt ar Pháirc Bhéal na mBuillí ar roinnt ócáidí agus tá a fhios ag an saol mór go bhfuil na daoine anseo ag obair go díograiseach le os cionn 20 bliain chun a chinntiú go gcuimhnítear ar íospartaigh Ghorta Mór na hÉireann le meas agus le dínit.   Tá cinntithe acu go bhfuil bailiúchán saibhir ábhar ag muintir na hÉireann a chuireann ar ár gcumas féachaint ar théamaí an ghorta, mar shampla, dúchan, díshealbhú agus imirce.  Tá sé cuí, mar sin, gur anseo atá Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ag tarlú.  Cuidíonn an saibhreas ábhar agus na taispeántais spreagthacha anseo linn chun an t-am tragóideach sin i stair na tíre a thabhairt chun cuimhne agus tuiscint a fháil ar na téamaí a bhaineann leis an ngorta agus a chabhraíonn linn chun dul i ngleic leis an ocras ar fud an domhain sa lá atá inniu ann."

Mar chuid den searmanas bhí searmanas foirmiúil Stáit le honóracha míleata agus searmanas fleascleagain de chuid Ambasadóirí na hÉireann i gcuimhne orthu siúd ar fad a d'éag nó a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir - d'fhreastail níos mó ionadaithe ná riamh de chuid an Chóir Thaidhleoireachta ar ócáid na bliana seo.  Chuimsigh sé clár freisin a bhí curtha le chéile ag pobal áitiúil Bhéal na mBuillí.

Reáchtáladh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBaile Átha Cliath, sa Sciobairín, Co. Chorcaí, i Muraisc, Co. Mhaigh Eo, i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin, i nDroichead Átha, Co. Lú agus i gCill Rois, Co. an Chláir roimh seo.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service