11/05/2015 : Féachann Grúpa Stiúrtha ar conas tithe stairiúla na hÉireann a chosaint – an tAire Humphreys Uasal
De Luain, 11 Bealtaine 2015—Agus í ag tabhairt an aithisc thosaigh ar ról na mban i dtithe stairiúla ag comhdháil in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad inniu, dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., go bhfuil Grúpa Stiúrtha bunaithe aici, agus é faoi chomhchathaoirleacht a Roinne agus Chumann Thithe Stairiúla na hÉireann, chun comhairle a chur uirthi maidir le ceist thodhchaí inbhuanaithe thithe stairiúla tuaithe na hÉireann.
Agus í ag labhairt ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Humphreys:
"Is gné shuntasach den oidhreacht shóisialta agus chultúrtha faoin tuath in Éirinn iad tithe stairiúla na hÉireann. Caomhnaíonn siad ár dtaiscí cultúrtha agus insíonn siad scéal na dteaghlach a raibh cónaí orthu iontu. Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag tithe stairiúla, tá Grúpa Stiúrtha bunaithe agam, faoi chomhchathaoirleacht mo Roinne agus Chumann Thithe Stairiúla na hÉireann, chun comhairle a chur orm maidir le ceist thodhchaí inbhuanaithe thithe stairiúla tuaithe na hÉireann.
"Tá súil agam go mbeimid in ann samhail a fhorbairt chun inbhuanaitheacht leanúnach na dtithe a chinntiú sa todhchaí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Chathaoirleach Chumann Thithe Stairiúla na hÉireann, Susan Kellett, as cuidiú le mo Roinn i ndáil leis seo.
"Tá bunús maith leis na dúshláin atá le sárú ag na tithe stairiúla. Breathnóidh an Grúpa ar an bhféidearthacht maidir leis na tacaí atá ann cheana féin a fheabhsú agus a leasú chun tacú le húinéirí agus le feighlithe na dtithe seo.
"Tá sé i gceist go dtiocfaidh an Grúpa Stiúrtha ar ais chugam níos déanaí i mbliana le moltaí ar roghanna chun na tithe seo a chosaint amach anseo. Tá mo Roinnse tiomanta do chosaint ár n-oidhreacht thógtha, agus de réir mar atá an geilleagar ag feabhsú, tá súil agam a bheith in ann cur leis na tacaí do chothabháil agus do chaomhnú na bhfoirgneamh oidhreachta de réir a chéile.
"Tá Comhdháil an lae inniu ag breathnú ar ról na mban i tithe stairiúla thar na mblianta. Amhail mórán gnéithe eile dár stair, tá dearmad déanta ar an ról lárnach a bhí ag mná i gcothabháil agus i gcoinneáil na dtithe stairiúla. Le blianta beaga anuas, tá an bhaint mhór a bhí ag mná le bainistiú teaghlaigh agus eastát léirithe ag taighde.
CRÍOCH