12/03/15

12/03/2015: Deontas reáchtála €60,000 don Ghaelacadamh sa Spidéal

Fógraíonn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., deontas reáchtála €60,000 don Ghaelacadamh sa Spidéal.

Déardaoin, 12 Márta 2015—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €60,000 ceadaithe aige don Ghaelacadamh sa Spidéal don tréimhse Eanáir go Meitheamh 2015 i dtreo na gcostais reatha a bhaineann le raon bearta faoi leith atá faoi stiúir an eagrais agus a thacaíonn le chur chun cinn an cheoil, an rince agus na hamhránaíochta sa Ghaeltacht.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an t-airgead seo a chur ar fáil don Ghaelacadamh as ucht an obair atá ar siúl acu i dtaca le daoine óga a spreagadh chun fanacht dílis dá n-oidhreacht. “Tá ról lárnach agus leanúnach ag an Ghaelacadamh i gcur chun cinn ceol dúchasach na Gaeltachta.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service