13/03/2015 : Cuairt á tabhairt ag an Aire Mhic Unfraidh ar thionscadail phobail agus chultúrtha na hÉireann i Londain
Dé hAoine, 13 Márta 2015—Tabharfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, cuairt inniu ar thionscadail phobail agus chultúrtha na hÉireann i Londain. Tá an tAire i Londain ar mhisean trádála agus pobail ceithre lá, mar chuid de chlár 'Éire a Chur Chun Cinn' an Rialtais.
Tá Campa Cultúir do Pháistí á reáchtáil in Ambasáid na hÉireann maidin inniu, i gcomhar leis an Irish Cultural Centre, a bhfuil clár for-rochtana an-láidir acu do scoileanna. Beidh tuairim is 80 dalta bunscoile ag glacadh páirte i gCampa Cultúir, lena mbeidh seanchas agus seisiúin ceoil, damhsa agus ceirdeanna na hÉireann san áireamh.
Osclóidh an tAire Mhic Unfraidh áitreabh nua an Southwark Irish Pensioners' Project go hoifigiúil freisin. Is grúpa leasa pinsinéirí é atá faoi threoir na n-úsáideoirí agus a sholáthraíonn seirbhísí do níos mó ná 400 duine, ceithre lá sa tseachtain. Cuirtear gníomhaíochtaí sóisialta ar nós biongó, damhsa, lúthaíocht agus ealaín ar fáil leis an Tionscadal, chomh maith le comhairle faoi shochar leasa shóisialta agus seirbhís for-rochtana do sheanóirí Éireannacha atá ina gcónaí i Londain agus atá scoite ó dhaoine eile. Faigheann sé tacaíocht ó Rialtas na hÉireann.
Tabharfaidh an tAire Mhic Unfraidh cuairt amárach (Dé Sathairn) ar an taispeántas Second Skin i Halla na Cathrach, atá ar siúl mar chuid de Bhliain Dearaidh na hÉireann 2015. Feáchfaidh an tAire Mhic Unfraidh ar roinnt taispeántas ealaíne freisin, lena n-áirítear taispeántas Anthony Murray in Óstán Bloomsbury agus saothair le healaíontóirí Éireannacha ag an TATE Britain.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Tá neart phobal na hÉireann i Londain dochreidte agus is iontach an rud é eagraíochtaí ar nós an Southwark Irish Pensioners' Project (SIPP) a fheiceáil ag soláthar a leithéid de sheirbhísí tábhachtacha do bhaill aosta den phobal Éireannach anseo. Tá tacaíocht á tabhairt do SIPP ag Clár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann le 20 bliain anuas.
"Tá lúcháir orm an t-áitreabh nua don Tionscadal seo a oscailt inniu. Tá Rialtas na hÉireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do phobal na hÉireann sa Bhreatain, go háirithe do na daoine atá íogair agus ar imeall an phobail sin. Trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail ar nós SIPP tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach, tá an Rialtas ag cabhrú le seirbhísí tábhachtacha a chur ar fáil do bhaill den phobal Éireannach anseo atá ina n-aonair agus aosta.
"Ba iontach é castáil le Nora Higgins, Cathaoirleach SIPP, atá 80 bliain d'aois agus a bhog go Londain ar dtús sna 1960í le dhul ag obair mar altra. Tá Nora ag tacú le pobal na hÉireann le caoga bliain anuas, tréimhse ina dtáinig athrú mór ar eispéireas an phobail sin sa RA. Le beagnach 20 bliain tá tacaíocht dhochreidte tugtha ag Nora d'Éireannaigh aosta i gceantar Southwark."
CRÍOCH