Cuairt á tabhairt ag an Aire Humphreys agus an tArd-Mhéara ar thrádálaithe ar Shráid an Mhúraigh, Baile Átha Cliath
Tá cuairt tugtha inniu (Déardaoin) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ar thrádálaithe ar Shráid an Mhúraigh, Baile Átha Cliath le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Christy Burke. Tagann a gcuairt sna sála ar fhógra an Rialtais le gairid go raibh sé leis an Séadchomhartha Náisiúnta ag 14-17 Sráid an Mhúraigh a cheannach, chun na foirgnimh a chosaint agus Ionad Cuimhneacháin a fhorbairt ar an láthair.
Dúirt an tAire Humphreys an méid seo inniu:
“Ba iontach an deis é tuairimí na dtrádálaithe féin ar Shráid an Mhúraigh a fháil maidir le pleananna an Rialtais an Séadchomhartha Náisiúnta ag Uimh. 14-17 a chosaint. Thacaigh siad go mór leo. Thug mé cuairt ar na trádálaithe ag deireadh an tsamhraidh seo caite agus ba léir dom gur mhian leo go ndéanfaí rud éigin leis na foirgnimh a chosaint, áit a raibh ceanncheathrú deiridh Cheannairí 1916 agus a bhfuil tábhacht stairiúil ollmhór ag baint léi.
“Is dea-scéala den scoth é seo do lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Nuair a fhobrófar Ionad Cuimhneacháin ar láthair an tSéadchomhartha Náisiúnta, meallfar cuid mhór turasóirí chuig an áit, agus cuirfidh sé go mór leis an ionad cuairteoirí nua in Ard-Oifig an Phoist, atá á fhorbairt in aice láimhe.
“Tá mo Roinn ag dréachtú moltaí mionsonraithe i ndáil le conas pleananna a bhrú ar aghaidh chomh sciobtha agus is féidir leis an Séadchomhartha Náisiúnta a chosaint, na foirgnimh a athchóiriú agus an tIonad Cuimhneacháin a fhorbairt ar an láthair. Beidh an tIonad ina chomhartha ómóis cuí do Cheannairí 1916.”
Bhí an méid seo le rá ag an Ard-Mhéara Christy Burke:
“Is cuid lárnach de Shráid an Mhúraigh iad na trádálaithe, agus go deimhin chabhraigh siad an tsráid a chothú mar cheantar beoga i lár na cathrach le blianta beaga anuas. Tá mé an-sásta go bhfuil deireadh curtha leis an éiginnteacht faoi thodhchaí an tSéadchomhartha Náisiúnta ag uimhreacha 14-17 trí chinneadh an Rialtais na foirgnimh a cheannach.
“Cuirfidh Ionad Cuimhneacháin ar Shráid an Mhúraigh go mór le lár na cathrach agus ba chóir go gcuirfeadh sé borradh faoin ngnó do thrádálaithe agus gnóthais eile sa cheantar. Tá sé oiriúnach go bhfuil an Séadchomhartha Náisiúnta ar Shráid an Mhúraigh á thabhairt faoi úinéireacht an phobail arís, agus tá mé ag súil leis an obair athchóirithe a fheiceáil ag tosú sna míonna amach romhainn.”
CRÍOCH