17/04/14

17/04/2014 Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €43,020 do Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh

Tá fógartha ag an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil deontas de €43,020 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh chun cabhrú leo oibreacha fheabhsúcháin a chur i gcrích ar an bpáirc peile atá acu sna Dúnaibh.

Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich  go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil do cheantar mar seo, mar go gcuirfidh sé go mór leis na háiseanna caitheamh aimsire go háirithe don aos óg.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service