18/03/15

18/03/2015 : Ordú Logainmneacha (Contae Mhaigh Eo)

18 Márta 2015—Mar ullmhúchán d’Ordú Logainmneacha a bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Mhaigh Eo a dhearbhú, tá dréacht den ordú atá beartaithe foilsithe ag an gCoiste Logainmneacha.  Is féidir teacht ar an dréachtordú ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aghttp://www.ahg.gov.ie/ga/gaeltacht/the-irish-language/the-placenames-branch/consultation/ agus ar láithreán gréasáin Bhunachar Logainmneacha na hÉireann ag http://www.logainm.ie/Orduithe.aspx.

Tá na leaganacha Gaeilge de na logainmneacha bunaithe ar obair thaighde an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Sula gcuireann sé comhairle chríochnúil ar an Aire Stáit maidir leis an dréachtordú, ba mhaith leis an gCoiste Logainmneacha deis a thabhairt don bpobal tuairimí a léiriú ina leith.

Is féidir aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an ábhar seo a sheoladh chuig an mBrainse Logainmneacha, 43–49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4 nó ar ríomhphost chuig logainmneacha@ahg.gov.ie roimh 19 Meitheamh 2015.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service