20/04/15
20/04/2015 : €2,400 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Mhuintearas Teo
20 Aibreán 2015—Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €2,400 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo chun cabhrú leo Clár Píolótach Cumann Coder Dojo a reáchtáil trí Ghaeilge i nGaeltacht Dhún na nGall agus na Gaillimhe.
Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige go gcuideodh an deontas le Muintearas ina n-iarrachtaí an Ghaeilge a choinneáil chun tosaigh i measc an aos óg agus go spreagfadh sé suim in ábhar teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge i measc na ndaltaí agus a dtuismitheoirí araon.
CRÍOCH