21/04/15

An nuacht is déanaí á tabhairt ag an Aire Humphreys faoin damáiste a rinneadh i bPáirc Náisiúnta Chill Airne mar gheall ar thine le déanaí

 

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu (Dé Máirt) go léiríonn an anailís thosaigh atá déanta ag a cuid oifigigh go ndearnadh dochar do níos mó ná 1,000 heicteár talún leis an tine a bhí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne le déanaí, agus go ndearnadh damáiste tromchúiseach do ghnáthóga agus fiadhúlra agus na céadta euro de dhamáiste ábharach d’infreastruchtúr na páirce. Mhol an tAire Humphreys d’aon duine a bhfuil eolas acu faoin gcúis leis na tinte teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá suirbhéireacht á déanamh le gairid ag foireann as Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra mo Roinne ar an dochar a rinneadh leis an tine mhór a bhí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne le déanaí. Meastar go raibh 1,000 heicteár den Pháirc buailte leis an dóiteán a bhí ann le linn dheireadh seachtaine an 11 Aibreán.

“Rinneadh an dochar is measa don talamh ard; dódh fraoch, aiteann agus fionnán (féar) ar fud cheantar mór in oirdheisceart na Páirce.  Tá na gnáthóga sin an-tábhachtach do flóra agus fána i gcoitinne, lena n-áirítear éin a dhéanann a neada ar an talamh, mamaigh bheaga agus feithidí. Tá sé deacair an dochar éiceolaíochta a rinneadh leis an tine a mheas agus ní thiocfaidh na gnáthóga thiocfadh féin go ceann fada.

“Ach ar an taobh dearfach de, ní dhearnadh damáiste tromchúiseach do na coillte, den chuid is mó. Ní raibh an dochar a rinneadh d’fhál na páirce chomh holc is a measadh ar dtús, agus ní dhearnadh mórán dochair bhuan do na clárchosáin, a bhfuil tarraingt mhór ag cuairteoirí orthu ar Shlí Uíbh Ráthaigh.

“Is léir dom go mbeadh an loit i bhfad níos measa gan obair chróga na seirbhísí éigeandála. Idir an tseirbhís dóiteáin, an tAerchór, Chomhairle Contae Chiarraí agus fhoireann an SPNF, cuimsíodh an dóiteán agus an dochar a chúisigh sí. Ba mhaith liom arís a gcuid oibre a mholadh.

“Tá an SPNF ag comhoibriú go hiomlán leis na Gardaí agus leis an Roinn Talmhaíochta ar an gceist seo. Mholfainn d’éinne a bhfuil eolas acu faoin gcúis a bhí leis an tine, is cuma cé chomh fánach is dóigh libh atá sé, teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí. Tá an bhagairt a bhaineann le dó mídhleathach thar a bheith tromchúiseach, agus tá sé de dhualgas ar gach duine den phobal cloí leis an dlí agus dó a dhéanamh ar bhealach rialaithe.”

CRÍOCH

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service