22/05/2015 : Fógraíonn an tAire Humphreys scéim nua deontais do thaighde seandálaíochta ar Shuíomhanna Oidhreachta Domhanda
Dé Luain, 22 Bealtaine 2015—D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., inniu go bhfuil sí ag cur €13,000 ar fáil d'Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) i gcomhair taighde seandálaíochta ar Shuíomhanna Oidhreachta Domhanda reatha agus ar shuíomhanna atá ar Liosta Feithimh na hÉireann do chreidiúnú Oidhreachta Domhanda ó UNESCO amach anseo.
Úsáidfear an leithdháileadh chun scéim nua deontais a mhaoiniú do sheandálaithe agus beidh sí á riar ag Buanchoiste Seandálaíochta an RIA.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Meastar suntas speisialta cultúrtha a bheith ag baint le Suíomhanna Oidhreachta Domhanda UNSECO agus, ar ndóigh, is féidir le creidiúnú UNSECO cuidiú go mór chun borradh a chur faoin turasóireacht. Tá mé ag cur leithdháileadh beag maoinithe ar fáil chun tacú le taighde ar ár Suíomhanna Oidhreachta Domhanda reatha agus ar shuíomhanna atá ar Liosta Feithimh na hÉireann do chreidiúnú Oidhreachta Domhanda ó UNESCO amach anseo.
"Cuideoidh an deontas nua taighde le bainistiú na seandálaíochta laistigh de lárcheantair na suíomhanna tábhachtacha idirnáisiúnta seo agus lena Sár-Luach Uilíoch a choinneáil agus, nuair is féidir, a fheabhsú.
"Mar chuid den obair suirbhéireachta chríochnaithe, cuirfear catalóg de na suíomhanna ar fáil do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i mo Roinnse. Tabharfaidh sé seo deis do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta a gcuid taifead a thabhairt chun dáta agus síneadh a chur le cosaintí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta d'fhionnachtain nua ar bith.
"Tá súil agam, mar thoradh ar an deontas seo, go mbeidh sé níos éasca an taighde a theastaíonn chun cabhrú le hiarratas na hÉireann chun níos mó suíomhanna a chur le liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO a dhéanamh agus stádas ár suíomhanna Oidhreachta Domhanda reatha a choinneáil.
CRÍOCH