23/03/2015 : €2,657 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh T.D., do Chumann Gailf Chloich Chionnaola
Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €2,657 ceadaithe aige do Chumann Gailf Chloich Chionnaola, Baile Chonaill, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar fhoirgnimh dá gcuid.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil don Chumann Gailf gníomhach seo agus go raibh sé cinnte go gcuideoidh sé leis an chumann an áis luachmhar seo atá ag Pobal Chloich Chionnaola a choinneáil i gcaoi mhaith do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.
Críoch