23/04/2015: Suíomh gréasáin nua a fhéachann ar eispéireas shaighdiúirí Éireannacha in Gallipoli á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh, TD, ag seoladh suíomh gréasáin nua tráthnóna inniu (Déardaoin) lena ndéantar iniúchadh ar eispéireas mhuintir na hÉireann i bhfeachtas Gallipoli le linn an Chéad Chogaidh Domhanda. Is é Boston College, i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus lenár bhForais Chultúrtha Náisiúnta, a chruthaigh an suíomh The Irish in Gallipoli, atá á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Meastar go raibh 4,000 Éireannach i measc an 130,000 duine a fuair bás i bhfeachtas Gallipoli, a mhair ó Aibreán 1915 go hEanáir 1916. Tugann an suíomh gréasáin nua, atá ar fáil ag www.rte.ie/gallipoli, eispéireas na nÉireannach in Gallipoli chun solais, scéal nár insíodh i gceart le blianta fada.
Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:
"Cé go gcuimhnítear go láidir air i scéalta náisiúnta na hAstráile, na Nua-Shéalainne agus na Tuirce, rinneadh dearmad, den chuid is mó, de ról na hÉireann i bhfeachtas Gallipoli thar na mblianta. Tháinig Éirí Amach na Cásca 1916 anseo sa bhaile sna sála ar fheachtas Gallipoli agus mar gheall air sin níor díríodh mórán ar na mílte Éireannach a fuair bás ag iad ag troid i mbéal an chatha sa Tuirc.
"Cuidíonn an suíomh gréasáin nua seo linn scéalta na saighdiúirí agus na droch-choinníollacha a bhí acu a thabhairt chun solais. Bhí trí reisimint Éireannacha d'Arm na Breataine ann ag tús feachtas Gallipoli agus bhí siad ar na chéad reisimintí a rinne iarracht ruathar a thabhairt ar na tránna agus a chaill 1,000 fear taobh istigh de cheithre lá.
"Más faide a lean an feachtas ar aghaidh, is é is mó a d'fhulaing siad. De bharr easpa uisce agus soláthairtí agus droch-shláintíocht, ba chrua an saol a bhí acu, agus anuas air sin, ní raibh na fir ag súil leis an rótheas agus an rófhuacht. Leis an suíomh gréasáin nua seo, cuirtear na cúinsí milteannacha sin ar ár súile dúinn go glé.
"Tá sé tábhachtach, 100 bliana ina dhiaidh, go gcuimhneoimid ar scéalta lucht na hÉireann in Gallipoli agus go ndéanfaimid machnamh orthu, agus go gcinntíonn muid go ndéantar a n-oidhreacht a chaomhnú mar chuid dár scéal náisiúnta."
Ar an suíomh tá:
- Treoraithe ina mínítear cúlra an fheachtais agus an bhaint a bhí ag Éireannaigh leis.
- Rianaire nuachta laethúil lena leagtar amach imeachtaí ar an leathinis de réir mar a tharla siad.
- Cuntais laethúla finnéithe súl ó 8 Éireannach a ghlac páirt san fheachtas.
- Tuairiscí laethúla ó dhialanna reisiminte na 4 reisimint Éireannacha a throid ann.
- Fógra báis laethúil d'Éireannach a fuair bás in Gallipoli.
- Sraith scannán, craoltaí raidió agus podchraoltaí ina ndírítear ar ghnéithe éagsúla den fheachtas.
- Sraith gailearaithe ina bhfuil níos mó ná 500 íomhá de Gallipoli sa bhliain 1915.
- Pacaí oideachais do na haoisghrúpaí éagsúla i scoileanna.
Tá an suíomh gréasáin The Irish in Gallipoli mar chuid de rannpháirtíocht níos leithne Boston College i nDeich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn, eadhon Century Ireland www.rte.ie/centuryireland. Is nuachtán staire fíor-ama é Century Ireland lena bhféachtar ar imeachtaí laethúla in Éirinn 100 bliain ó shin.
CRÍOCH