24/12/14

24/12/2014 Céad bliain ó Shos Cogaidh na Nollag 1914 á chomóradh ag an Aire Mhic Unfraidh

Céad bliain ó Shos Cogaidh na Nollag 1914 á chomóradh ag an Aire Mhic Unfraidh

D'eisigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, teachtaireacht dea-thola chucu siúd go léir a thiocfaidh le chéile sna laethanta amach romhainn chun an sos cogaidh a bhí ag cuid mhór de na saighdiúir ar an bhFronta Thiar um Nollaig na bliana 1914 a chomóradh.

Beidh seirbhís cuimhneacháin ann innniu (Oíche Nollag) i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath leis an tsraith de shosanna comhraic neamhoifigiúla a bhí ann le linn an chogaidh i rith seachtain na Nollag 1914 a thabhairt chun cuimhne.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

"Tharla an léiriú seo d'fhíorspiorad na Nollag, teachtaireacht cairdis do chuile dhuine, gan choinne agus tharla sé in ainneoin an méid a bhí curtha isteach acu sna míonna roimhe sin.  Agus cuimheachán céad bliain sos cogaidh na Nollag ag druidim linn, creidim gur chóir don nóiméad stairiúil sin na luachanna atá tábhachtach dúinn agus ár dtiomantas do thodhchaí shíochánta a mheabhrú dúinn.

"Ó ceapadh mar Aire mé, tá mé i ndiaidh freastal ar cuid mhór ócáidí chun cuimhneachán céad bliain ó thús an Chéad Chogaidh Domhanda a chomóradh. Chuaigh na scéalta pearsanta i gcion go mór orm; tuairiscí dhaoine aonair agus teaghlaigh a raibh a saol athraithe go deo ag léirscrios an chogaidh.

"Ba spásas neamhghnáth é sos cogaidh na Nollag, nuair a stop an naimhdeas idir go leor saighdiúr ar an bhFronta Thiar. Thug na fir aitheantas do dhaonnacht a chéile, trí dhul isteach ar latrach an áir le comhrá a bheith acu, peil a imirt agus fiú carúil a chanadh.

"Ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain, tá pobail ag teacht le chéile ar an gcuimhneachán céad bliain seo chun comóradh a dhéanamh ar an mbua sin a bhí ag an gcreideamh agus ag dóchas na saighdiúr go mbeadh todhchaí níos fearr ann.  Guím gach rath orthu siúd go léir atá ag eagrú seirbhísí urnaí nó comórtha agus orthu siúd a bheidh ag freastal orthu."

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service