26/05/2015: Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha d
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, ag seoladh an Stráitéis Náisiúnta Tírdhreacha (SNT) d'Éirinn 2015-2025 tráthnóna inniu (Dé Máirt). Cinnteoidh an SNT go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún um Thírdhreacha na hEorpa (CTE) agus soláthróidh sé creat polasaí ardleibhéil d'fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir bainistíocht, pleanáil agus cosaint ár dtírdhreacha.
Agus í ag labhairt tráthnóna inniu, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:
"Nuair a smaoiníonn muid ar thírdhreacha, go ginearálta smaoiníonn muid ar áilleacht radhairc tuaithe. Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist lenár dtírdhreacha; is timpeallachtaí dinimiceacha iad mar thoradh ar an idirghníomhú idir an dúlra agus an duine.
"Clúdaíonn ár dtírdhreach ceantair uirbeacha agus tuaithe araon, ag cuimsiú tailte, uiscí intíre, agus ceantair ar an gcósta agus ar an bhfarraige. Áirítear leis seo tírdhreacha comónta agus tírdhreacha díghrádaithe, chomh maith leo siúd atá as an ngnáth. Tá tionchar an tírdhreacha ar cháilíocht beatha ríthábhachtach, agus is gá aird a thabhairt air i bpolasaí tírdhreacha.
"Tá agus beidh bealaí éagsúla ann chun leas a bhaint as ár dtírdhreach. Chun sochaí, comhshaol agus geilleagar inbhuanaithe a bheith againn, áfach, ní mór dúinn glacadh le hathruithe agus ár dtírdhreach tábhachtach a bhainistiú ar bhealach comhtháite pleanáilte.
"Trí úsáid a bhaint as paraiméadair an Choinbhinsiúin um Thírdhreacha na hEorpa, is é is dúshlán romhainn anois ná cothromaíocht a bhaint amach idir ár riachtanais shóisialta, chultúrtha, eacnamaíochta agus chomhshaoil dár dtírdhreacha eagsúla. Is é an Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha an chéad chéim i dtreo aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo.
"Sa straitéis tá sé chuspóir lárnacha, a dhíríonn ar pholasaithe tírdhreacha oiriúnacha a fhorbairt a dhéileálann le hoideachas, le feasacht agus le rannpháirtíocht an phobail a threisiú. Is é an príomhaidhm atá leis an straitéis ná bainistiú inbhuanaithe 'an athraithe' a éascú, seachas an tírdhreach a 'reo' ag pointe áirithe. Cabhróidh an straitéis seo linn bheith ag súil leis na dúshláin idir bealaí reatha chun leas a bhaint as an talamh agus na bealaí a thiocfaidh chun cinn, agus na dúshláin sin a bhainistiú."
Tá an Stráitéis ar fáil ag: http://www.ahg.gov.ie/ga/heritage/built-heritage/national-landscape-strategy/
CRÍOCH