26/11/13

26/11/2013 : €3,413 ceadaithe ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich do Cheiltigh Ghaoth Dobhair

26 Samhain, 2013—D’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas €3,413 ceadaithe aige do Cheiltigh Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach.

Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil do cheantar mar seo, mar go gcuirfidh sé go mór leis na háiseanna caitheamh aimsire, go háirithe don aos óg.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service