27/04/2015: €10,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Lúthchleas Gael, Ard An Rátha, i gcomhair Chomórtas Peile na Gaeltachta
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (Dé Luain, 27 Aibreán) go raibh deontas €10,000 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Ard an Rátha i leith na gcostas atá ag titim orthu agus iad ag reáchtáil comórtais náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta an deontas seo a chur ar fáil. “Tá mé cinnte go mbeidh ócáid ar dóigh in Ard an Rátha le linn an chomórtais. Tá súil agam go gcuirfidh reáchtáil an chomórtais náisiúnta seo, agus na sluaite Gaeilgeoirí ó gach cearn den tír a bheidh ag freastal air, leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag CLG Ard an Rátha an Ghaeilge a chur chun cinn sa chumann agus sa cheantar, go háirithe i measc an aois óig” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch