28/04/15
28/04/2015: €2,500 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Forbartha Ailt an Chorráin
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (Dé Máirt, 28 Aibreán) go bhfuil deontas de €2,500 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Ailt an Chorráin chun obair fheabhsúcháin riachtanach a dhéanamh ag Ionad Pobail Naomh Cholumba in Ailt an Chorráin agus chun ríomhaire a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh: “Tá súil agam go gcuideoidh an deontas leis an phobal áitiúil lena n-iarrachtaí an Ghaeilge a chaomhnú. Tá áthas orm an cúnamh seo a chur ar fáil”.
Críoch