29/04/2015 : €20,029 ceadaithe do Choiste Cairde Bhun an Inbhir ag an Aire Stáit McHugh
29 Aibreán 2015—D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go raibh deontas de €20,029 – 80% den chostas - ceadaithe aige do Choiste Cairde Bhun an Inbhir, Co. Dhún na nGall chun oibreacha áirithe riachtanacha a chur i gcrích ar sheanscoil Bhun an Inbhir.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh “Tá áthas mór orm deontas a chur ar fáil don Choiste ghníomhach seo. Cuirfidh an obair seo go mór leis na háiseanna atá ar fáil don phobal áitiúil agus an Coláiste Gaeilge a bhaineann úsáid as an ionad sa samhradh.”
CRÍOCH