29/05/15

29/05/2015: €2,143 ceadaithe do Choláiste Chill Charthaigh ag an Aire Stáit McHugh

€2,143 ceadaithe do Choláiste Chill Charthaigh ag an Aire Stáit McHugh

Dé hAoine 29 Bealtaine 2015: D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go  bhfuil deontas de €2,143 ceadaithe aige do Choláiste Chill Charthaigh, Co Dhún na nGall, chun trealamh a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil agus go rachaidh an deontas chun tairbhe don choláiste Gaeilge agus do champaí samhraidh a bhíonn ar siúl sa cheantar.

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service