29/08/13

29/08/2013: Ráiteas ar bhás Mhaidhc Dainín Ó Sé.

Déardaoin, 29 Lúnasa - Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar bhás an cheoltóra agus an údair Maidhc Dainín Ó Sé.  Fear ildánach ab ea Maidhc Dainín Ó Sé - scríbhneoir Gaeilge, ceoltóir, file, amhránaí agus seanchaí. Sna 1950dí, chuaigh Maidhc go Sasana agus go Meiriceá ina dhiaidh sin, áit ar chas sé ceol le mórán de cheoltóirí iomráiteacha traidisiúnta na hÉireann a bhí ina gcónaí i Chicago ag an am sin.

Dúirt an tAire Deenihan:

"Bhí Maidhc Dainín Ó Sé ar cheann de na scríbhneoirí is tábhachtaí sa tír, é ag leanúint lorg Thomáis Uí Chriomhthain agus Mhuiris Uí Shúilleabháin. Bhí aithne mhaith ar Mhaidhc mar scríbhneoir Gaeilge le leabhair ar nós A Thig ná Tit orm, Chicago Driver, Tae le Tae agus Is Glas iad na Cnoic agus cinn eile nach iad.

"Ba cheoltóir oilte a bhí ann freisin. Chas sé ceol i gcaitheamh a shaoil, nuair a bhí sé sa bhaile i gContae Chiarraí agus nuair a bhí sé i Sasana agus i Meiriceá agus é ina fhear óg.  Is iomaí taifead maith atá déanta aige, ar a bhfuil amhráin agus ceol traidisiúnta ó Iarthar Chiarraí.

"Tá fear na scéalaíochta, fear an cheoil is an ghrinn, file agus scríbhneoir clúiteach agus cara mór na Gaeltachta ar shlí na fírinne inniu, ach mairfidh a cháil go deo san oidhreacht luachmhar atá fágtha aige ina dhiaidh do na glúine atá le teacht.

"Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean chéile Mhaidhc, Caitlín, agus dá chlann a mhaireann, Caoimhín, Danny, Daithí agus Mary Ellen, agus dá chairde uile ar fud na hÉireann agus thar sáile. Ar dheis Dé go raibh a anam."

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service