30/03/2015 : €4,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Forbartha Chnoc Fola
Dé Luain, 30 Márta 2015—D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go raibh deontas de €4,000 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall chun cur ar a gcumas athchóiriú a dhéanamh ar an halla pobail.
Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Coiste Forbartha Chnoc Fola an obair riachtanach seo a dhéanamh. “Is ceantar láidir Gaeltachta é seo agus bíonn cuid mhór gníomhaíochtaí ar siúl acu san Ionad,” a dúirt an tAire Stáit.“Baineann an Coláiste Gaeilge leas as i rith an tsamhraidh, rud a chuireann go mór le geilleagar an cheantair.”
CRÍOCH