30/03/2015 : Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí na scéime maoiniúcháin do Mhúsaeim Áitiúla agus Réigiúnacha
D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., sonraí inniu maidir le Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach 2015 atá á riar ag a Roinn.
Tá sé mar aidhm ag Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach tacú le músaeim bheaga agus mheánmhéide ar fud na tíre. I mbliana, beidh deis faoin scéim maoiniú a bhaint amach do thionscadail bheaga chaipitil ar bhonn cómhaoiniúcháin (75:25). Tá maoiniú iomlán de €150,000 á chur ar fáil do thionscadail forbartha músaem a cháilíonn don scéim.
Ní mór do thionscadail a mhaoinítear faoin Scéim a bheith ag déanamh iarracht tairiscint chultúrtha na músaem a fheabhsú; rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid na músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.
Ag fógairt sonraí na Scéime di, dúirt an tAire:
"Cuireann Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach sruth luachmhar maoiniúcháin ar fáil do mhúsaeim bheaga agus mheánmhéide ar fud na tíre, ag cur deis ar fáil dóibh taispeántais a chur ar bun, an músaem a chur chun cinn, margaíocht a dhéanamh air agus feabhas a chur ar an méid atá á thairiscint acu. Tá na músaeim seo ina bpointe lárnach fócais sna pobail ina bhfuil siad agus tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht dóibh ina ról mar chaomhnóirí agus aithritheoirí ar ár n-oidhreacht chultúrtha. Thug an maoiniú a cuireadh ar fáil faoin Scéim seo le blianta beaga anuas deis do na músaeim leanúint le feabhas a chur ar chur i láthair a gcuid taispeántas agus a n-áitreabh agus feabhsaítear iarracht chultúrtha na bpobal áitiúil ina bhfuil siad mar thoradh air sin.
CRÍOCH