30/04/15
30/04/2015: €4,343 ceadaithe do Choláiste Chonnacht, An Spidéal ag an Aire Stáit McHugh
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €4,343 ceadaithe aige do Choláiste Chonnacht, an Spidéal, Contae na Gaillimhe i leith oibreacha feabhsúcháin atá le déanamh acu ar an gColáiste.
Dúirt an t-Aire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil.
Críoch