30/08/12

30/08/2012 FÓGRAÍONN AN TAIRE DEENIHAN GO MBEIDH CUIMHNEACHÁN IDIRNÁISIÚNTA AN GHORTA MHÓIR 2013 AR SIÚL I SYDNEY

Tá Jimmy Deenihan T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneácháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tar éis a fhógairt go mbeidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i Sydney ar an Domhnach, 25 Lúnasa 2013.

Dúirt an tAire Deenihan:

'Mar Chathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tá mé ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an bpobal i Sydney agus, go háirithe, le Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Sydney, chun a chinntiú go dtabharfar ómós ar bhealach an-speisialta ar fad dóibh siúd a cailleadh, a d'fhulaing agus a chuaigh ar imirce le linn an ama thragóidigh sin i stair na tíre.

Tugaimid chun cuimhne go háirithe an dream sin ar fad a d'fhág Éirinn le linn an Ghorta Mhóir agus a thug aghaidh ar an Astráil; go háirithe an 4,412 bean agus cailín óg Éireannach a thaistil ó theach na mbocht in Éirinn idir 1848 agus 1850 faoi Scéim Earl Grey agus iad ar thóir dóchas agus tús nua.  Tugaimid ómós dá n-éachtaí iontacha agus dá gcion tairbhe éachtach dá mbaile nua a ghlac siad chucu féin.  Tuigimid freisin an tsnaidhm chairdis a bheidh ann i gcónaí idir muintir an hÉireann agus muintir Sydney.'

Reáchtáladh ceithre hócáid chuimhneacháin idirnáisiúnta ar an nGorta Mór go dtí seo. Tarlaíonn na himeachtaí thar lear ag an am céanna leis an ócáid Chuimhneacháin Náisiúnta a bhíonn ar siúl i gceithre chúige na hÉireann ar a seal. Reáchtáladh imeachtaí thar lear i gCeanada (2009), i Nua Eabhrac (2010), i Learpholl (2011) agus i mBostún (2012).

Fógrófar níos déanaí i mbliana dáta agus ionad Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2013, a bheidh ar siúl i gCúige Mumhan.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service