31/03/15

An Séadchomhartha Náisiúnta ag Sráid an Mhúraigh, Baile Átha Cliath le ceannach ag an Rialtas - an tAire Humphreys

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) go mbeidh an Rialtas ag ceannach an Séadchomhartha Náisiúnta ag Uimh. 14-17 Sráid an Mhúraigh. Leis an gcinneadh seo beifear in ann Ionad Cuimhneacháin 1916 a fhorbairt ar an láthair.

Ba ag Uimh. 16 Sráid an Mhúraigh a tionóladh an chomhairle cogaidh dheiridh de Cheannairí Éirí Amach 1916 agus is ann a rinneadh an cinneadh go ngéillfí.  Ainmníodh an teach ag Uimh. 16, mar aon leis na foirgnimh thart air ag Uimhreacha 14, 15 agus 17, mar shéadchomhartha náisiúnta sa bhliain 2007.

Cuirfidh an tAire Heather Humphreys moltaí breise faoi bhráid an Rialtais gan mhoill, ina leagfar amach pleananna leis na foirgnimh a chosaint agus a athchóiriú go hiomlán, agus chun Ionad Cuimhneacháin 1916 a chruthú ar an láthair. Tá an cead riachtanach faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta faighte cheana don tionscadal athchóirithe agus don Ionad Cuimhneacháin atá beartaithe.

Fágann cinneadh an lá inniu:

  • go mbeidh an séadchomhartha náisiúnta ag Sráid an Mhúraigh anois faoi úinéireacht phoiblí
  • go bhfuil todhchaí fhadtéarmach an tséadchomhartha stairiúil cinntithe
  • go ndéanfar an tIonad Cuimhneacháin 1916 atá le forbairt ar an suíomh a reáchtáil mar áis phoiblí le rochtain do shaoránaigh agus do chuairteoirí araon
  • go gcuirfidh an tIonad Cuimhneacháin nua leis an áis nua do chuairteoirí atá á forbairt faoi láthair in Ard-Oifig an Phoist

Agus í ag labhairt tráthnóna inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá lúcháir orm go bhfuil an Rialtas ag leiriú a thiomantas don Séadchomhartha Náisiúnta ag Uimh. 14-17 Sráid an Mhúraigh a shábháil, áit a bhfuil tábhacht speisialta ag baint léi agus muid ag druidim le Cuimhneacháin 2016.  Leis seo cuirtear deireadh leis an éiginnteacht a bhí ann faoi thodhchaí na bhfoirgneamh seo agus cinntítear go mbeidh rochtain orthu ag gach duine a bhfuil suim aige nó aici i stair Éirí Amach na Cásca. Tá súil agam go gcríochnófar an tionscadal seo le linn na Bliana Cuimhneacháin Céad Bliain mar chomhartha ómóis cuí do cheannairí Éirí Amach na Cásca.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service