31/03/15

31/03/2015: Clár Gaeilge Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain á fhógairt ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D. inniu (31 Márta 2015) an Teanga Bheo, an snáithe Gaeilge d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.

Dúirt an tAire Stáit: “Is deis faoi leith é Éire 2016 ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge, a hoidhreacht a thabhairt chun cuimhne agus an todhchaí atá aici a athshamhlú. Beidh an Ghaeilge fite fuaite trí Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, d’fhonn léiriú a dhéanamh ar idéil ghluaiseacht athbheochana na Gaeilge a thug bonn don ghlúin réabhlóideach, chomh maith le bheith mar snáithe faoi leith den chlár. Cuirfear béim sa snáithe Gaeilge, an Teanga Bheo, ar raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chuirfear i láthair trí Ghaeilge le linn 2016.”

Ag fógairt an chláir dó, dúirt an tAire Stáit: “Tá an Teanga Bheo curtha i dtoll a chéile i ndiaidh dul i ndáil chomhairle leis na páirtithe leasmhara. Cuimsítear mór-imeachtaí, clár digitithe, léachtaí, díospóireachtaí agus seimineáir, imeachtaí ealaíon agus acmhainní foghlama ar líne sa chlár. Is é an cuspóir ná an teanga a chur i láthair an phobail mar ghné bhríomhar uathúil dár bhféiniúlacht, dár sochaí, dár stair agus dár gcultúr. Ina theannta sin, is é an aidhm atá leis an chlár ná feasacht an phobail maidir leis an Ghaeilge a spreagadh, chomh maith le rannpháirtíocht, díospóireacht, machnamh agus athshamhlú a chothú faoin ré atá caite, faoi staid reatha na teanga agus faoina bhfuil i ndán di.”

Cuirfear tuilleadh sonraí faoin gclár Gaeilge thíos ar fáil ar www.ireland.ie de réir mar a fhorbraítear é.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service