23/11/16

€3,520 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Ghasóga Mara na Gaeltachta

Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas de €3,520 ceadaithe aige do Ghasóga Mara na Gaeltachta chun cabhrú leo trealamh áirithe a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh ríméad air cuidiú leis an gcumann gníomhach seo agus go raibh súil aige go gcuideoidh an deontas leis an eagraíocht leanúint orthu ag tabhairt deiseanna iontacha do ghasúir óga chun foghlaim faoin timpeallacht, stair, cultúr agus saibhreas na háite mórthimpeall, le spraoi agus spórt, trí mheán na Gaeilge.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service